| Home | History | Photo Gallery | Programme | News & Results | Location | Feedback | Links |
 Feis Chill Cóirne
Feis Chill Cóirne
le Diarmuid Ó Críodáin
Click on image to enlarge

Diarmuid Ó Críodáin
Rugadh Diarmuid Ó Críodáin ar an 18 Samhain 1925 i Leacht, in aice le Ráth Chúil i gCorcaigh Thuaidh. Fuair sé a chuid scolaíochta sa scoil náisiúnta i Ráth Chúil agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Choláiste Naomh Breandán i gCill Áirne agus i gColáiste Phailís Chonraí i Luimneach. Bhain sé céim eolaíocht déiríochta amach i gColaiste na hOllscoile i gCorcaigh i 1947 sular fhill sé abhaile go Leacht.
Bhí sé ina bhainisteoir ar Uachtarlann Chill Chóirne agus, ina dhiaidh sin in a bhainisteoir reigiúnda le Chomharchumann Bhaile Cloch. Thug sé blianta mar chathaoirleach ar Chumann Feise Chill Chóirne agus ar bhanna phíbe Shráid an Mhuillinn. Bhí sé ina bhall de Chumann Iarsmalainne Shráid an Mhuillinn agus de Chumann Stairiúil Dúiche Eala. Chomh maith leis sin bhí sé ina chisteoir ar Bhord Bainistíochta scoil náisiúnta na Ráithe Cúile agus ina chathaoirleach ar choiste comhairleach na dtuismitheoirí i scoil phobail Shráid an Mhuillinn.
Thosaigh Diarmuid ag scroíbh filíochta nuair a bhí sé i gColáiste Naomh Breandán gCill Áirne agus lean sé ag scríobh go dtí lá a bháis. Bhí fíor-ghrá agus urraim aige don Ghaeilge. Bhí sé an-bhródúil as an teanga agus labhair sé í go minic agus go líofa. Tá níos mó ná leath dá chuid dánta scríofa as Gaeilge. Foilsíodh iad i 1993 sa leabhar darb ainm "Leacht".
Cailleadh Diarmuid ar 2 Samhain 1990. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.


Tosach na h-aoise
Tine breá bhríomhar
Ag laeadha solais
Trid ár ngleann
Meanma na ndaoine
Ag súil le saoirse
Agus dóchas ann.

Deireadh na h-aoise
Dream beag daoine
I bhfeighil na tine
Fós sa ghleann -
Tine beag
I measc na luatha
An mbeidh sí múchta?
No an leathfar a solas
Arís sa ghleann?

Má bhíonn sí múchta
A Liam Ó Buachalla
Mo bhuí le Dia
Nach mbeidh tú ann.

| Back |